Skip to main content

To: Bank of Ireland

Calling on Bank of Ireland to reverse the decision to delete the ATM Irish Language Option

We are calling on Bank of Ireland to reverse this decision and in the future sit down with Irish language Organisations and deepen the use of the Irish language within their services. A picket will be held on Bank of Ireland branches on Friday the 1st of September at 1.30pm for one hour. Please join us in this the first step of the campaign.

Why is this important?

The decision of the Bank of Ireland to delete their ATM Irish Language Option devalues the Irish language. There are tens of thousands of Irish speakers and hundreds of thousands of Irish people who greatly value the Irish language as part of their identity. As customers we have great purchasing power and with our purchasing decisions we can effect great change in how private companies engage with us.

Is céim siar agus léiriú dímheasa ar an nGaeilge an cinneadh fáil réidh lei ó na UBManna Banc na hÉireann. Tá an earnáil baincéireachta go dona maidir le héascaíocht a dhéanamh do Ghaeilgeoirí an teanga a úsáid. Tá sé do-dhéanta ráitis a fháil, baincéireacht ar líne a dhéanamh nó seirbhís custaiméara a fháil trí Ghaeilge in áit ar bith.

Bhí Banc na hÉireann go sainiúil ag déanamh iarrachta tacú leis an nGaeilge agus í a chur ar fáil mar theanga roghnach sna UBManna. Bhí fíorbheagáin costais i gceist le seo, d’fhreastail sé ar riachtanais teanga na mílte duine agus thug sé deis don bhanc meas a léiriú ar chuid lárnach dár bhféiniúlacht.

Faraor, tá an Banc ag cúlú siar ar an rogha theanga seo a chur ar fáil – cé gur rud beag a bhí ann, bhí sé luachmhar. Ní chuireann an earnáil phríobháideach an Ghaeilge nó cearta teanga san áireamh in aon chor agus ní inghlactha an scéal é.

Nuair a chuirtear an Ghaeilge san áireamh i gcúrsaí brandála, margaíochta agus seirbhís custaiméara ag an earnáil phríobháideach, téann sé seo i bhfeidhm ar an bpobal i gcoitinne. Leis an gcinneadh is déanaí atá déanta ag Banc na hÉireann, tá díluacháil ar an dteanga á dhéanamh acu.

An mbeidh an tseirbhís seo ar fáil sna ceantair Gaeltachta nó na Bailte Seirbhíse Gaeltachta cosúil leis an nGaillimh? Tá sé seo ag cur isteach ar na hiarrachtaí atá ar bun ag an bpobal agus an rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga laethúil sna ceantair Gaeltachta agus ar fud an stáit.

Is iomaí fadhb tubaisteach a bhí ag na bainc le deich mbliana anuas. Bhí ar shaoránaigh an Stáit seo teacht i dtarrtháil orthu. Is é is lú dóibh a dhéanamh ná rogha theanga a thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh i cibé acu dár dteanga náisiúnta gur mhian leo.

“Mar Chathaoirleach ar An Euro Gaelach, táim ag tathant ar dhaoine a gcuid míshástachta a léiriú maidir leis an gcinneadh seo agus picéadú a dhéanamh ag a mbrainse áitiúil de Bhanc na hÉireann, Dé hAoine, an 1ú Mean Fómhair idir a 1:30pm agus 2:30pm."

Updates

2017-09-10 23:06:49 +0100

500 signatures reached

2017-08-30 18:58:52 +0100

100 signatures reached

2017-08-30 18:04:16 +0100

50 signatures reached

2017-08-30 17:25:41 +0100

25 signatures reached

2017-08-30 17:10:51 +0100

10 signatures reached