Skip to main content

To: An tAire Oideachais

Léirigh Luach ar an Teagasc trí Ghaeilge - Tabhair ar ais an Liúntas

Tá géarchéim san earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ó thaobh soláthar múinteoirí le blianta fada, ag eascairt as ganntanas múinteoirí a bhfuil an cumas cuí teanga acu. Creideann Gaeloideachas gur chóir luach ceart a chur ar an obair a dhéanann múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus aitheantas a thabhairt do na múinteoirí trí liúntas don teagasc trí Ghaeilge a thabhairt ar ais.

Why is this important?

Tá géarchéim san earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ó thaobh soláthar múinteoirí le blianta fada. Eascraíonn sé as ganntanas múinteoirí ag an dá leibhéal a bhfuil an cumas cuí teanga acu le múineadh i scoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta.

Is ionann an liúntas le haghaidh múneadh trí Ghaeilge agus €1,785 in aghaidh na bliana do mhúinteoirí a bhí ag múineadh roimh Nollaig 2011. Baineadh dhá liúntas eile de mhúinteoirí nua ag an an céanna; liúntas do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus an liúntas dóibh ag múineadh ar na hoileáin. Tá luach €3,455 ar an liúntas Gaeltachta agus €2,078 ar an liúntas do mhúinteoirí i scoileanna oileáin.

Ó cuireadh deireadh leis an liúntas don teagasc trí Ghaeilge sa bhliain 2011, níl aon dreasacht nó aitheantas ceart á thabhairt do na freagrachtaí móra breise atá i gceist do mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh i suíomh lán-Ghaeilge, áit a bhfuil an tumoideachas i bhfeidhm.

Tá córais cosúil leis an liúntas i bhfeidhm cheana féin i dtíortha eile ina mbíonn múinteoirí ag obair i suíomhanna dátheangacha nó suíomhanna tumoideachais, ar nós An Nua-Shéalainn, Haváí, agus Ceanada.

Creideann Gaeloideachas gur chóir luach ceart a chur ar an obair seo agus aitheantas a thabhairt do na múinteoirí atá á dhéanamh. Mar sin, táimid i mbun abhcóideachta ar an gceist seo, agus bheadh bhur gcuid tacaíochta mar chabhair mhór leis an bhfeachtas agus na teachtaireachtaí thíos a choinneáil i mbéal an phobail. #LuachTríLiúntas

Category

Updates

2024-01-21 20:41:06 +0000

1,000 signatures reached

2024-01-09 11:42:44 +0000

500 signatures reached

2024-01-08 18:01:34 +0000

100 signatures reached

2024-01-08 16:09:50 +0000

50 signatures reached

2024-01-08 15:19:27 +0000

25 signatures reached

2024-01-08 14:40:22 +0000

10 signatures reached