500 signatures reached
To: Pobal Chorca Dhuibhne
Teach Siamsa na Carraige a choimeád i seilbh an phobail
![](https://images.controlshift.app/rails/active_storage/representations/proxy/eyJfcmFpbHMiOnsiZGF0YSI6NTAyMjI1LCJwdXIiOiJibG9iX2lkIn19--8dc9f2010aadb9d6588b17ba8edff633329d26ea/eyJfcmFpbHMiOnsiZGF0YSI6eyJmb3JtYXQiOiJwbmciLCJzdHJpcCI6dHJ1ZSwiY3JvcCI6IjY3MXgyNzcrMTMwKzExNSIsInJlc2l6ZV90b19maXQiOls3MjUsMzAwXX0sInB1ciI6InZhcmlhdGlvbiJ9fQ==--e6c8ee551e7d1842cd07e503b3af53bce8a3ead0/Photo%20Teach%20Siamsa.png)
Teastaíonn ó phobal Chorca Dhuibhne Teach Siamsa na Carraige a choimeád i seilbh an phobail agus gan é a dhíol ar an margadh oscailte. Is áis iontach é do mhuintir na háite, go háirithe na daoine óga, chun cleachtadh agus traenáil a dhéanamh ar na healaíona dúchasacha, ar nós rince, ceol, amhránaíocht agus drámaíocht.
Why is this important?
Cén fáth a bhfuil sé seo tábhachtach?
Tá easpa áiseanna sa cheantar do dhaoine óga, agus tá an tigh seo fíorthábachtach chun na healaíona dúchasacha a chothú agus a fhorbairt i gCorca Dhuibhne. Má dhíoltar ar an margadh oscailte é, beidh sé i seilbh duine príobháideach, agus imithe ón bpobal. Ba mhaith linn Teach Siamsa a choimeád in úinéireacht an phobail agus go ndéanfaí athbheochan ar na himeachtaí a bhíodh ann. Má tá tú sásta tacú leis an bhfeachtas Teach Siamsa a choimeád i seilbh an phobail, cuir isteach d’ainm sna boscaí ar dheis. Míle buíochas ó Choiste Teach Siamsa.