Skip to main content

To: Minister Josepha Madigan

Cultúrlann Anois!

Cultúrlann a bhunú i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Establish an Irish language centre in Dublin City.

Why is this important?

(English translation below)

Tá easpa áiseanna ann do chainteoirí Gaeilge sa chathair agus in Éirinn. Ba bhréa lár-ionad a bheith ann chun an Ghaeilge, na healaíona agus ár gcultúr a chur chun cinn ar mhaithe le muintir na hÉireann agus na mílte cuairteoirí a thagann anseo de bharr ár n-oidhreachta.

Is beag deis atá ag lucht labhartha na Gaeilge an teanga a úsáid tar éis dóibh an córas oideachais a fhágáil. Thabharfadh lár-ionad le café, amharclann agus seomra comhdhála, deiseanna do dhaoine Gaeilge a labhairt gan bac.

Tá lár-ionaid bhreátha ag lucht na Fraince, na Gearmáine agus na Spáinne i mBaile Átha Cliath ach níl áit ar bith lárnach inar féidir le Gaeilgeoirí de chuile aois teacht le chéile.

Mhaígh an rialtas go mbunófaí ionad Gaeilge agus cultúrtha i lár chathair Bhaile Átha Cliath sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027.

Seo Bliain na Gaeilge. Tacaigh linn agus iarr ar an Aire Madigan Cultúrlann a bhunú, ní i gceann deich mbliana, ach anois!

There is a lack of facilities for Irish speakers in the city and in Ireland. It would be great to have a centre that would promote Irish, the arts and our culture for the people of Ireland as well as the thousands of visitors who come here because of our heritage.

Irish speakers have few opportunities to use the language after they leave the education system. A Cultúrlann which would have a café, a theatre and a conference room would provide people with opportunities to speak Irish without any hindrance.

The French, Germans and Spanish have lovely centres in Dublin. There is no central place where Irish speakers of all ages can come together.

The government stated that a language and cultural hub in Dublin city centre would be established in the National Development Plan 2018-2027.

This is Bliain na Gaeilge – the Year of the Irish Language. Support us and ask that Minister Madigan establishes an Irish language centre, not in ten years time, but now!

Dublin, Ireland

Maps © Stamen; Data © OSM and contributors, ODbL

Category

Updates

2018-03-16 10:21:58 +0000

100 signatures reached

2018-03-15 10:03:57 +0000

50 signatures reached

2018-03-15 04:48:38 +0000

25 signatures reached

2018-03-14 17:26:03 +0000

10 signatures reached